Saoráil Faisnéise (S.F.)
Thosaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 ar an 21 Aibreán, 1998 do Ranna agus Oifigí Rialtais agus roinnt Comhlachtaí Rialtais eile ar an 21 Deireadh Fómhair, 1998 d'Údaráis Áitiúla agus do Bhoird Sláinte. Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003 i bhfeidhm an 11 Aibreán, 2003. Chuir an tAcht roinnt leasuithe tábhachtacha i bhfeidhm ar Acht 1997, go suntasach maidir le hAlt 19 (Taifid Rialtais), Alt 20 (Breithniúcháin Chomhlachtaí Poiblí), Alt 24 (Slándáil, Cosaint agus Caidreamh Idirnáisiúnta) agus Alt 47 (Táillí).
Caithfear gach iarratas ar Shaoráil Faisnéise a phróiseáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, arna leasú.








