Contact Us | As Gaeilge | FAQ | Publications | Sitemap | A-Z Services

Ráiteas Misin

“Beidh an Chomhairle ar thús cadhnaíochta maidir le forbairt gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha ár gContae agus soláthróidh sí seirbhísí poiblí ardcháilíochta do na pobail a bhfreastalaímid orthu”

Sainordú

Tá Comhairle Contae Laoise mar an Phríomh-Údarás Tofa go Daonlathach i gContae Laois. Soláthraíonn Comhairle Contae Laoise raon leathan agus éagsúil de sheirbhísí a mbíonn tionchar acu ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil, bonneagracha, turasóireachta, tionscalaíocha agus cultúrtha an Chontae. I measc na seirbhísí seo tá soláthar agus cothabháil tithe, soláthar agus cothabháil bóithre soláthar agus cothabháil sholáthar uisce agus scéimeanna séarachais, seirbhísí pleanála agus forbartha, bainistíocht dramhaíola,cosaint an chomhshaoil, gníomhaíochtaí caitheamh aimsire, leabharlanna, forbairt cultúrtha agus pobail lena n- áirítear caitheamh aimsire agus spórt.

Oibríonn líon mór oibrithe ar an gComhairle, lena n-áirítear an Bainisteoir Contae, fostaithe agus conraitheoirí gairmiúla, teicniúla,dlíthiúla, riaracháin, airgeadais agus lasmuigh.

Comhaltaí an Comhairle

Tá 25 Comhalta Tofa i gComhairle Contae Laoise - ceithre chomhalta an duine ó Thoghcheantair Mhaointeach Milie, Ioma agus Log an Churraigh, seacht chomhalta ó Thoghcheantar Phort Laoise agus sé gcomhalta ó Thoghcheantar Bhuiríos Mór Osraí.

Council Members at AGM 

Baill Tofa leis an Bainisteoir Contae ag CCB
Comhairle Contae Laoise – Meitheamh 2009

Cruinnithe Comhairle

Tionóladh Cruinnithe Comhairle 2010 ar an Luan deireanach de gach mí de ghnáth i Seomra na Comhairle ag Áras an Chontae.

Grúpa Polasaí Corparáidigh (G.P.C.)

Tá an Grúpa Polasaí Corparáidigh deartha chun an sainordú daonlathach agus ról déanta polasaí na gcomhaltaí tofa a threisiú. Tá an G.P.C. tacaithe ag an mBainisteoir Contae agus cuimsíonn sé Cathaoirleach na Comhairle agus ceithre Chathair na gCoistí um Polasaithe Straitéiseacha. Is í príomhfheidhm G.P.C. ná obair na C.P.S difriúla a chomhordú agus fóram a sholáthar ina ndéantar cinntí polasaí a mbíonn tionchar acu ar an gComhairle go léir a chomhshocrúle cur faoi bhráid na Comhairle iomláin ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh.