Clár na dToghtóirí
Réamhrá
Ionas gur féidir vótáil ag toghchán nó reifreann, caithfidh ainm duine a bheith curtha ar chlár na dtoghthóirí don cheantar ina mbíonn gnáthchónaí ar an toghthóir. Bíonn ar údaráis chlárúcháin (comhairle contae agus cathrach) de réir dlí clár toghthóirí a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain. Tagann an clár i bhfeidhm an 15ú Feabhra agus baintear úsáid as ag gach toghchán agus reifreann a thionóltar sna 12 mí ina dhiaidh sin.
Ó 2004, bíonn ar na húdaráis chlárúcháin dhá leagan den chlár a fhoilsiú – an clár iomlán agus an clár faoi eagarthóireacht. Liostaíonn an clár iomlán gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus ní féidir é a úsáid ach amháin chun críche toghcháin nó chun críche reachtúla eile. Beidh ainmneacha agus seoltaí daoine ar féidir a mionsonraí a úsáid chun críche seachas críoch toghcháin nó críoch reachtúil eile, m.sh. d’úsáid margaíochta dírí ag eagraíocht tráchtála nó eile, sa chlár faoi eagarthóireacht.
Coinníollacha do Chlárú
Is iad na coinníollacha:
Aois: caithfidh duine a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad an lá a dtagann an clár I bhfeidhm (Feabhra 15ú). Tá gach cónaitheoir atá 18 mbliana d’aois nó níos sine i dteideal a bheith ar an gclár.
Saoránacht: cé go bhfuil gach cónaitheoir aosach i dteideal a bheith cláraithe, caithfidh an t-údarás clárúcháin saoránacht duine a bheith ar eolas aige mar gur saoránacht a chinneann na toghcháin ag a bhféadfaidh duine vótáil. Is é an dáta cáilitheach do shaoránacht ná an 1ú Meán Fómhair sula dtagann an clár i bhfeidhm. Is mar seo a leanas an ceart vótála:
● Féadfaidh Saoránaigh d’Éirinn vóta a caitheamh ag gach toghchán agus reifreann;
● Féadfaidh Saoránaigh den Bhreatain vóta a caitheamh ag toghchán Dála, ag Toghchán Eorpach agus ag Toghchán Áitiúil;
● Féadfaidh saoránaigh eile AE vóta a chaitheamh ag Toghchán Eorpach agus ag Toghchán Áitiúil;
● Is ag toghchán áitiúil amháin a fhéadfaidh saoránaigh nach den AE iad vóta a chaitheamh.
Cónaí: caithfidh gnáthchónaí a bheith ar dhuine ag an seoladh atá i gceist an 1ú Meán Fómhair sula dtagann an clár i bhfeidhm. Ní fhéadfaidh duine a bheith cláraithe ach ag seoladh amháin. Má bhíonn níos mó ná seoladh amháin ag duine (m.sh. go bhfuil duine ina chónaí ón mbaile chun freastal ar choláiste), ba chóir a chur in iúl don údarás clárúcháin cén seoladh ar mian leis an duine a bheith cláraithe aige.
Féadfaidh duine a fhágann a ghnáthchónaí nó a gnáthchónaí agus é ar intinn aige nó aici filleadh laistigh de ocht mí dhéag leanúint de bheith cláraithe ansin, faoi réir ag an gcoinníoll sáraitheach nach bhféadfaidh duine a bheith cláraithe ach ag aon seoladh amháin. Ba choir go mbeadh duine a bhíonn as láthair ar bhonn sealadach óna ghnáthsheoladh nó óna gnáthsheoladh, mar shampla ar saoire, in ospidéal nó ar chúrsa fostaíochta, cláraithe ag a ghnáthsheoladh nó ag a gnáthsheoladh. Níor chóir cuairteoir nó duine a bhíonn ag fanacht go sealadach ag an seoladh a bheith cláraithe.
Eolas
Clár na dToghtóirí
An tSlí a dToghtar an Dáil
An tSlí a dToghtar Comhaltaí na nÚdarás Áitiúil
An Reifreann in Éirinn
Eolas do Vótálaithe faoi Mhíchumas
Parlaimint na hEorpa
Mar a Thoghtar an Seanad








